Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Ba ar an Chaorán Mór, trasna ó Bhéal an Átha Mhóir, a shaothraigh Séamus a chéád phá ag obair do dhream as Bealach Féich a thosaigh ag baint mhóna in 1958. Ansin chuaigh sé ag obair don Bhord Sholáthair Leictreachais. | 00:01:00 | |
Phill Séamus na bhaile as Sasana agus thosaigh sé ag obair do shiopa i mBaile na Finne ag tiomáint veain fríd an bhaile. Bhí lúchair air a bheith ar ais sa bhaile arís agus bhí saol maith aige. Thosaigh sé ag leanstan an pheil gaelach agus lean sé leis an club áitiúil, Naomh Conaill ó shin. Thosaigh sé ag tiomáint leoraí i mBaile Átha Cliath ó 1962-64 agus ba ghnách leis carr a thabhairt amach ar iasacht agus cúpla imreoir as Naomh Conaill a thiomáint anuas na bhaile gach deireadh seachtaine. Bhain siad Craobh Sóisearach an Chontae in 1963 agus an Sraith fosta. Bhain siad Craobh Sinsearach an Chontae sa bhliain 2005 agus bhí Séamus ina uachtarán orthu. | 00:10:23 | |
Thart ar 1950 – 1952 thosaigh Séamus agus a dheartháireacha ag díol ghairbhéil agus ag déanamh bloc nuair a d’oscail siad cairéal ar a gcuid talaimh féin. In 1956 thosaigh Comhairle Contae ag ceannach gairbhéil uafa agus shaothraigh teaghlach Shéamuis airgead mór as. Cur síos ar dhéanamh na mbloc. Deireadh na seandaoine go raibh croca óir ina luí ag ceann Loch Finne agus tháinig an scéal fíor. | 00:04:32 | |
In 1971 thosaigh Séamus ag tiomáint leoraí don Chomhairle Contae, d’oibrigh sé ansin ar feadh cúig bliana déag is fiche. Thiomáin sé thart ar an chontae uilig. | 00:04:15 | |